Sciathán d’aos óig an pháirtí is ea Ógra Shinn Féin. Is cuid suntasach de Ghluaiseacht na Poblachta é Ógra Shinn Féin, nó ÓSF mar a thugtar air go h-áitiúil. Tá ÓSF eagraithe agus gníomhach ar fud ar fud 32 contae na hÉireann. Is minic a shamhlaítear Ógra Sinn Féin mar Fhianna Éireann an lae inniu.
Is iad aidhmeanna fad-téarma Ógra Shinn Féin ná Poblacht Dhaonlathach Shóisialach 32 Contae a bhaint amach. I measc na ceisteanna móra náisiúnta atá ann tá: Athaontú agus Neamhspleáchas na hÉireann, cearta oibrithe, an timpeallachta, deireadh a chur le seicteachas agus ciníochas in Éirinn, tithíocht mhaith a chur ar fáil don phobal, toghcháin agus reifrinn a reáchtáil ag an deireadh seachtaine, oideachas, Shell chun Sáile, an aois vótála a ísliú go dtí 16, agus cur chun cinn na Gaeilge. Nuair a bunaíodh Ógra Shinn Féin, roghnaíodh logo a raibh buama peitril air, siombail den fhoinse mhíleata as ar tháinig Ógra na Poblachtánacha. In imeacht ama roghnaíodh Lilí na Cásca mar Logo. D’athraíodh na focail ‘Sinn Féin Youth’ a bhí timpeall air go dtí ‘Ógra Shinn Féin’ i 1999 nuair a d’athraíodh an t-ainm. Le h-imeacht ama, an Phróiseas Síochána, agus na hathraithe a bhí ag teacht ar Ghluaiseacht na Poblachta dá bharr, shocraigh an Chomhdháil Náisiúnta i 2004 go n-athrófaí an logo arís agus ghlacadh le réalta glas agus oráiste a bhfuil ÓSF scríofa mar a bheadh graffiti air. D’athraíodh an logo arís ag Comhdháil na bliana 2006 nuair a cuireadh na focail ‘Ógra Shinn Féin leis agus An Camchéachta, Brat Éirí na Gréine agus Fuiseog na Saoirse.’ Ag Comhdháil Speisialta na bliana 2007, le linn díospóireachtaí ar an bPóilíneacht, vótáil Ógra Shinn Féin in aghaidh an rúin a bhí curtha faoi bhráid na Comhdhála ag an Ard Comhairle, cinneadh a bhí conspóideach ag an am. Bhí an cinneadh seo go h-iomlán in aghaidh dearcadh cheannaireacht Shinn Féin. Sa rún a pasáladh ag an gComhdháil speisialta dúradh, ‘’Go dtabhaímis aitheantas do chinneadh na hArd Fheise.’’
Tá Ógra go mór chun tosaigh sa bhfeachtasíocht. I measc na bhfeachtais is déanaí a raibh Ógra páirteach ann tá: ‘Not another ravaged community,’ feachtas in aghaidh dhrugaí a seoladh ag tús 2008. Bhí béim ag an bhfeachtas seo ar eolas a thabhairt do dhaoine óga faoin gcontúirt a bhaineann le drugaí. Bhí eolas faoi mhí-úsáid alcóil san áireamh. Feachtas eile darbh ainm ‘Oideachas ar mhaithe le Saoirse a bhaint amach,’ nó ‘’Educate to be Free Campaign.’’ Seoladh an feachtas seo i rith gheimhridh 2008 ar mhaithe le h-oideachas saor a chur ar fáil do gach duine. Bhí breis oideachas i dteanga na Gaeilge á lorg chomh maith le cumhacht a thabhairt do mhic léinn agus beocht radacach a chothú i measc cumainn na micléinn.
Feachtas an ‘Green Postbox,’ - Seoladh an fheachtas seo i 2008 agus is é a bhí ann ná poblachtaigh óga an tuaiscirt ag péinteáil na boscaí poist le péint ghlas.
Feachtas in éadan an Fhéinmharaithe: Sa bhliain 2006, sheol Ógra Shinn Féin Feachtas Náisiúnta in éadan an Fhéinmharaithe. Chuir an fheachtas seo béim ar eolas cuí a scaipeadh agus go mbeadh cur chuige uile oileánda in aghaidh an fhéin mharú i bhfeidhm.
ARISE / ÉIRIGÍ – Sa bhliain 2007, sheol Ógra Shinn Féin feachtas in éadan Chiníochais, Impiriúlachais agus an Chos ar Bholg.
Feachtais eile: Dí-mhilitiú, Claonphartaíocht, an RUC a scoir / Póilíneacht Ceart, Iosphá, Costas Árachais Chairr a ísliú, Uachtarán don uile dhuine, Cearta do Dhaoine Aeracha, Mairseálacha Oráisteach a chur ar Mhalairt Treo, Saoirse do Phríosúnaigh an Chogaidh, An Triúr Cholóime a thabhairt abhaile, feachtas in aghaidh forghabhála na hIaráice, feachtas i gcuimhne na ndaoine a thug a saoil ar son na hÉireann, feachtas ar son na Gaeilge, Shell chun Sáile agus tariff uile oileánda na bhfón póca.
Tá ballraíocht saor in aisce agus oscailte do gach duine idir 15 agus 29 bliain d’aois a thugann tacaíocht d’Éirinn Aontaithe, agus do phoblacht sóisialach daonlathach a chur ar bun.
Tá tú ag teastáil!
Bí i do bhall d’Ógra an pháirtí polaitíochta is mó fáis in Éirinn. Bí i do bhall d’Ógra Shinn Féin inniu agus déan do chuid chun Éire saor daonlathach agus cothrom a chur ar bun.
Tá na céadta ball ar fud na tíre ag obair chun ár n-aidhmeanna a bhaint amach ach d’fheadfadh i bhfad níos mó a dhéanamh dá mbeadh níos mó daoine óga co-súil leatsa páirteach linn. Is féidir le do ghlór a bheith páirteach in ár eagraíocht poblachtánach radacach don óige. Líon an fhoirm-ar-líne thíos led’ thoil. Níl ann ach go gcaithfidh cónaí a bheith ort in Éirinn agus go bhfuil tú idir 12-25 bliain d’aois.
Bí i do bhall inniu!
Tiocfaidh Ar La!